Teacht Le Chéile 90 Bliain – socruithe don oíche

By November 18, 2018Uncategorized @ga

Clár don Oíche Teacht le Chéile

22/11/2018

18.30                                     Aifreann sa halla

19.25                                     “Óraidín” agus Bronnadh

19.30                                     Teacht le Chéile

  • Iarrfar ar dhaoine bogadh amach ón halla ar feadh tréimhse ghairid chun an halla a atheagrú don oíche shóisialta.

20.00                                     Sólaistí  (méaróga bia, fíon agus tae)

agus Ceol

  • Grúpa Traidisiúnta – daltaí na scoile
  • Grúpa clasaiceach -daltaí na scoile

21.00                                     Grúpa Ceoil  “Na Fianna”

22.30                                     Mobhí Suite i gCumann Lúthchleas Gael Na Fianna ar fáil do dhuine ar bith gur mian leo dul trasna.

23.00                                     Críoch

 

  • Beidh taispeántas ghrianghraf timpeall na scoile
  • Beidh seomraí oscailte agus fáilte féachaint timpeall na scoile.
  • Beidh sléachtanna ón Lanthorn 1928-1971 á dtaispeáint chomh maith
  • Beidh suaitheantais ar fáil ag an doras do gach duine lena hainm & bliain
  • Beidh crannchur á eagrú agus beidh grianghraf den scoil á ndíol.

 

Beidh páirceáil ar fáil sa scoil i gcóir timpeall 100 carr. Moltar daoibh carranna a roinnt, nó siúl nó teacht ar chóras iompair phoiblí más féidir. Beidh córas aonthreorach i bhfeidhm ar an oíche- bealach isteach síos ascaill na scoile agus imeacht tríd Scoil Mobhí. Beidh maor tráchta ann chun cabhrú.

Ticéid fós ar fáil ach muid a chur ar an eolas

90scoil@gmail.com nó cuir glaoch ar 01 8370762