Tá traidisiún iontach i Scoil Chaitríona sna cluichí Gaelacha. An buaicphointe a bhí ann ná nuair a bhuaigh foireann peile Faoi 18 Craobh na hÉireann i 2008. (Léigh faoi anseo)Tá dul chun cinn leanúnach á dhéanamh acu agus glacann siad páirt anois i Sraith B sinsearach.
Bhuaigh an fhoireann sinsear Craobh B Átha Cliath i 2011 arís agus chaill siad i cluiche cheannais Laighin. Shroich siad cluiche cheannais Bhaile Átha Cliath i 2014/15
Tá trí fhoireann peile sa scoil faoi láthair.
Faoi 18
Faoi 16
Faoi 14
Is iar-scoláirí iad Ciarán Mac Giolla Chainnigh, Mícheál Ó Duigín agus Phillip Ó Riain a imríonn le foireann sinsear Bhaile Átha Cliath.

Gaelic Football Gaelic-Football-2 Gaelic-Football-3 Gaelic-Football-4

íonn 3 fhoireann iománaíochta sa scoil- Faoi 18, Faoi 16 agus Faoi 14. Tá traidisiún láidir againn sa scoil agus d’éirigh go hiontach leis na foirne thar na blianta. Bhuaigh siad Craobh Bhaile Átha Cliath Faoi 16 i 2012 agus Sinsear i 2014/2015.
D’imir Seá Ó hIcí ar fhoireann Faoi 18 bhaile Átha Cliath a shroich leathchraobh na hÉireann i 2015.

hurling-2 hurling-1

Tá stair fada cáiliúil ag camógaíocht i Scoil Chaitríona. Bhuaigh Scoil Chaitríona Craobh sinsear Bhaile Átha Cliath i 1936 don chéad uair.

Tá trí fhoireann sa scoil faoi láthair. Bhuamar Craobh Faoi 16 i 2015, Craobh Sinsear B i 2011 agus Sóisear B i 2009, 2008, 2007.

Tá go leor imreoirí ón scoil a d’imir le foireann Átha Cliath, ina measc ná Joyce Ní Dhonaile a bhí mar bhall de fhoireann shóisear Átha Cliath a bhuaigh Craobh na hÉireann i 2005. Imríonn Gráinne Ní Riain ar fhoireann Sóisear BAC a shroich cluiche leathcheannais na hÉireann i 2015.
camogiecamogie-2camogie-3camogie-4camogie-5camogie-6camogie-7camogie-8

Bunaíodh an chéad fhoireann i 2011-2012. Beidh siad ag tosnú ar na comórtais i 2012-2013.
Bhíomar an-bhróidúil nuair a bhuaigh Baile Átha Cliath Craobh na hÉireann i 2011 agus iarscoláirí Sorcha Furlong agus Orlagh Nic Aogháin ar an bhfoireann. D’imir Sorcha agus Orlagh camógaíocht agus cispheil sa scoil. Bhí áthas orainn nuair a tháinig sí ar ais chuig an scoil agus Corn Brendan Martin léí.

Faoi láthair tá Zoe Ní Mhurchú ina captaen ar foireann Átha Cliath faoi 16 agus bhuaigh siad Craobh Laighin i Iúil 2012.

ladies-football ladies-football2 ladies-football3

Bíonn cispheil sa scoil do cháilíní agus buachaillí.
Bíonn traenáil ar siúl do chailíní tráthnona Dé Luain agus do bhuachaillí tráthnóna Déardaoin ó 3.30 go 4.30 i.n. i halla na scoile.
D’éirigh le foireann fé 16 na mbuachaillí cluiche cheannais na hÉireann a bhaint amach i 2012 agus ní raibh ach 2 phointe idir iad siúd agus an teideal. Léigh an tuairisc anseo. Is iad na traenálaithe ná Iníon Ní hUiginn agus Máistir Mac Gabhann.

Foirne
Fé19 Buachaillí
Fé 19 Cailíní

Fé16 Cailíní
Fé 16 Buachaillí

Bliain 1/2 Cailíní
Bliain 1/2 Buachaillí
basketball4 basketballjpg basketball2 basketball3

Tá grúpa dílis a ghlacann páirt sa lúthchleasaíocht sa scoil. Traenálann siad gach Aoine i ngach saghas aimsire. Glacann siad páirt i gcomórtais na gcoláistí i Seantrabh agus d’eagraigh siad Rith2010. Máistir Ó Cluasaigh agus Máisitr de Bhál na traenálaithe

Tá grúpa dílis a imríonn ar son na scoile agus tá an traidisiún ag fás sa scoil. Is é Frank Ó Dálaigh – iarchuradh náisiúnta – an traenálaí atá acu.