Bunaíodh Scoil Chaitríona sa bhliain 1928 i Sráid Eccles chun oideachas a chur ar fáil do chailíní trí mheán na Gaeilge. Bunaithe ag na Siúracha Dominicáineacha agus á reachtáil acu go dtí 2009 nuair a cuireadh í faoi iontaobhas Le Chéile. Cliceáil anseo i gcóir breis eolais faoi Le Chéile. Is sainmheon Dominicáineach atá ag croílár na scoile. Breis eolas ar na siúracha Dominicáineacha anseo.

Ba í an chéad Scoil Dara Leibhéal lánGhaeilge do chailíní in Éirinn í.

Bhog Scoil Chaitríona go dtí a suíomh láithreach ar Bhóthar Móbhí, Glas Naíon, sa bhliain 1972.

Glacadh buachaillí isteach den chéad uair sa bhliain 1986.

Is í an Ghaeilge príomhtheanga na Scoile agus múintear gach ábhar trí mheán na Gaeilge.

Faoi láthair, tá 460 dalta ag freastal ar Scoil Chaitríona. Déantar gach iarracht tuiscint dhoimhin a thabhairt do na daltaí ar oidhreacht na hÉireann agus ar ár luachanna traidisiúnta.