Cuirtear an-bhéim ar an gcultúr Gaelach sa scoil agus ar cheol traidisiúnta ach go háirithe. Tá grúpa traidisiúnta iontach ann agus ardchaighdeán iontu. Déanann siad cleachtach gach Aoine ag am lóin faoi stiúradh Fidelma Ní Bhriain.

Glacann siad páirt ghníomach i saol na scoile. Seineann siad sa cheolchoirm agus i rith seachtain na Gaeilge.

2370380 7037210

Bíonn ceolchoirm iontach sa scoil gach bliain ina léirítear an raon do-chreidte tallainne atá i measc na ndaltaí. Idir dhrámaí, cheol, ghrúpa rac, amhránaí agus aisteoireacht – bíonn gach rud ann. Bainimid go léir an-taitneamh as an oíche. Buíochas le Máistir Ó Duibhir agus Iníon Uí Chonghaile ach go háirithe agus an fhoireann uilig a chabhraíonn leis an gceolchoirm gach bliain